Issue link: http://digitaleditions.uberflip.com/i/964257
36 // Ladies Gaelic Football Association GRÁINNE MCELWAIN PEIL Spring | Issue No 1 | Volume 14 Cuireann Gráinne McElwain Peil na mBan Beo i láthair ar TG4 Chonamara go Bangkok" a rith liom agus muid ar an bhóthar go hAerfort Átha Cliath ag dul ar Thuras All Stars na mBan TG4. Chaith mé seal i mBangkok na blianta ó shin agus bhí mé ag súil go mór le dul ar ais agus am a chaitheamh ann arís. Is cathair spleodrach í Bangkok lán le radharcanna agus nithe éagsúla a bhíonn ag teacht salach ar a chéile. D'fhéadfá fanacht i do shuí ó mhaidin go hoíche agus go maidin arís gan codladh ar bith mar nach stopann an chathair, an trácht ina measc, ach bíonn na Tuk Tuks ábalta é sin a sharú. Ba mhór an phribhléid domsa a bheith ar an turas, an chéad uair gur chaith na hAllstars seal ar an taobh sin den Áis. Is iontach an ócáid í, ní amháin mar aitheantas do na peileadóirí a bhuaigh gradam All Star i 2016 agus 2017 ach is deis poiblíochta é fosta chun an soiscéal de réir Pheil na mBan a scaipeadh timpeall na cruinne. Ní haon áibhéil a rá go bhfuil an táirge atá á dhíol ag Peil na mBan thar barr. A leithéid de chluiche a chonaic muid thall le foireann na bliana 2016 ag críochnú cúilín chun cinn ar mhná 2017, 7-19 le 7-18. Nuair a thosaigh mé amach ag obair ar na cluichí a bhí á chlúdach ag TG4 deich mbliana ó shin, bhí roinnt den tuairim nach raibh na mná chomh sciliúil nó an cluiche chomh maith i gcomparáid le cluiche na bhfear. Ach ní féidir é sin a rá anois mar go bhfuil caighdeán na peile agus na gcluichí feabhsaithe go mór idir an dá linn. Insíonn na staitisticí an scéal. I 2003, d'fhéach, ar an meán, 187,000 duine nó 21% de na daoine a bhí ag breathnú ar an teilifís ag an am, ar Chluichí Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan. Anuraidh, ní hamháin go raibh an slua is mó riamh i láthair ag na cluichí sin i bPáirc an Chrócaigh (46,286) ach bé an ócáid spóirt ba mhó i spórt na mban san Eoraip é, agus an líon is mó daoine riamh ag féachaint orthu ar TG4 chomh maith. D'fhéach 303,800 duine ar an meán ar an chluiche idir Áth Cliath agus Maigh Eo, é ag ardú go 563,000 ag pointe amháin. Mothaím iontach bródúil as an treo ina bhfuil an cluiche ag dul, ach sílim go bhfuil dualgas orainn uilig a bhfuil spéis againn sa chluiche gan a bheith réchúiseach faoi. Ag fás aníos i Muineachán níor bunaíodh club na mban i mo chlub féin sa bhaile, An Bhoth go dtí 1994 agus táim cinnte gur bunaíodh an bhliain sin é mar gur éirigh le Muineachán dul chomh fada le Cluiche Ceannais na hÉireann don chéad uair an bhliain chéanna. Go tobann, bhí go leor cainte faoi agus bhí bís agus bús sa chontae. Ní raibh an lá le Muineachán i 1994 nó an bhliain dár gcionn ach chroch siad leo Corn Bhreandáin Uí Mháirtín i 1996 agus 1997. Rud iomlán nua a bhí ann ag an am ag tabhairt tacaíocht do fhoirne na mban agus d'ardaigh spéis sa chluiche i measc daoine nach raibh mórán eolais acu faoi. Bunaíodh cultúr úr, tacaíocht a thabhairt do na peileadóirí seo agus bhí sé sin le feiceáil an bealach go raibh na sráideanna maisithe sna bailte don chluiche ceannais i 2011 agus 2013 go háirithe. Tuigimid go maith go bhfuil an cluiche tar éis feabhsú ach tá an dushlán romhainn anois leanúint den deá-obair agus gan an tsúil a bhaint den liathróid. Is amaitéaraigh iad na himreoirí uilig, gan na hacmhainní agus deiseanna céanna agus atá ag na fir agus tá obair fós le déanamh sa réimse seo chun a chinntiú go bhfaighidh siad uilig cothrom na féinne. Tá ról ag na meáin chumarsáide agus gan dabht tá feabhas mór ann le blianta beaga anuas. Feictear níos mó ailt faoi spórt na mban agus diaidh ar ndiaidh tá an aird a thugtar ar chluichí i spórt na mban ag feabhsú ach níl siad foirfe agus tá i bhfad níos mó de dhíth. Rud a sheas amach domsa faoin turas ná cé chomh deas is a bhí sé aithne ceart a chur ar na cailíní go pearsanta seachas a bheith ag caint leo ar feadh cúpla bomaite in agallamh ag deireadh na h-imeartha ar an teilifís. Bhí siad thar a bheith flaithiúil lena gcuid ama agus bhí deis againn aithne a chur orthu. Mar sin agus muid ar tí tús a chur le feachtas úr i gCraobh TG4 i bPeil na mBan, tugaim cuireadh do dhaoine nach bhfuil an táirge seo feicthe acu riamh nó fiú le tamall teacht amach chuig na cluichí. Do léitheoirí na hirise seo, mholfainn duit duine eile a thabhairt leat ag Craobh na gCúigí agus ag na babhtaí cáilithe agus lean do chontae, do fhoireann. Bainigí sult as an samhradh agus táim cinnte go gcasfaimid ar chéile ar pháirc éigin timpeall na tíre go luath. Ó Chonamara go Bangkok Gráinne McElwain Ó